GABRIEL ROSENSTOCK

LAOI AN MHEIR-INDIAIGH DHÍBEARTHA

Tugadh dúinn fásach agus clocha.
Bhí ár ndéithe gan deoch.
Thréig cleití a ndath; éanlaith ina dtost!
Cár imigh dord an easa a chloisinn gach maidin? –
(Anso ag deireadh ár n-aistir, ar phlána maol anaithnid
Ná cuir aon gheallúint danartha i gcuimhne dhúinn…)
—Níl le clos.

A mháthair! Ná nigh t’ucht arís go lá an bhrátha.
Fág faoi chuileanna an poll uisce.
Tá an chríoch seo morgtha, gach a mbaineann léi cadránta:
(Tráth ina grian-bhrú do mhaicne an phóir rua).

Dáileadh amach cré lénar muintir ’adhlacadh,
Séideann an ghaoth, tá mo scornach triomaithe
Ag cnámha mo shinsear. Deoch, ar son Dé!
Neart le deoir a bhrú as cachtas.

Fuaireamar balcaisí nua d’fhonn ár náire a cheilt—
Tá Teampall ár gcine ar lár, an tótam i ngreim an tseaca.
Tá an ghrian feannaideach, tá an bháisteach rí-ingneach,
Gorann sneachta an pheilt, tá an t-oighear peannaideach.
A mháthair, mo mhocaisíní leathair. Cár fhágais iad?

Labhraimid teanga eile a thachtann sinn
Níos mó ná síoraiseag smúit’ an talaimh bhánaithe.
Fuaim na gcos ag damhsa—ró-annamh, róleochaileach,
Gliogar glan á chur le seanfhonn eolchaireach.
Tobac saor ag sreamacháin, athmheilte go fulangach
(Seanchanna stáin ag glacadh seile go buíoch).
Bíonn fonn orm é a stracadh as a mbéalaibh:
Ní linn an ithir; ná santaigí a toradh níos mó!
Ní sinn a bhí ag fionraí nuair a d’fhás an planda aníos.
Eireabaill fhrancach, ionathar na baidhbhe—
Sin agaibh an phroinn ba cheart a leagfaí os ár gcomhair.

Guímse gach uair a chím an bogha síne:
Nár scala an ghrian a thuilleadh mé,
Nár thé má beo i gcill,
Nár lige na déithe thar a gcluasa
Achainí ghoirt na treibhe deoraí.
Ach tá mo phaidir truaillithe ag béarlagair
strainséartha:
Ní fiú tráithnín mo ghuth; gairimse feasta ar ainspridí!

Chuala mo mháthair mé ag caint le nathair shligreach
Is lig sí ollgháir aisti le heagla.
Ach bímse ar thóir na beatha ó dhubh go dubh go díochrach —
Slite maireachtála nár cleachtadh anseo fós.
In ionad tuar catha caithim fogha geal an ghruagaigh
I m’aonar gan im thimpeall ach an mhá dhearóil.
An chreach a bheirim abhaile ní le n-ithe ná le n-ól í
Agus roinnim í go flúirseach i ngan fhios do chách.

Ba thuar dóchais dúinn go léir an lá i nDeireadh Fómhair
A d’eitil, de dhroim na mbothanna, géanna fiáine glóracha.
Seanchailleach a thug faoi deara a dteacht; b’eo léi amach faoi dhithneas
Ag fógairt do na saoithe: “Bígí amuigh, amuigh! Corraíg’!”
Is d’fhéachamar, ár mbéal ar leathadh, ar an slógadh ag dul thart.
Ba gheall le meitheal ghaiscíoch iad ag triall chun catha
Nó buíon ag sealgaireacht, nó sluaite na sean
As gach aird ag teacht chun cruinnithe.
Thosnaigh fear ag útamáil le bolgán saighead
— nár leagas ar an dtoirt é:
“A mhuintir ionúin, ná tuigeann sibh? Teachtairí
Iad seo a chuir na mairbh chugainn chun fóirithint ar ár mbroid.”

Ach níor athraigh an saol. Tá fós an ghannchuid,
Fós an fuath. Táthar fós ag caitheamh seile.
Táimse fos ag bailiú orthaí. Tuigim anois caint mhín na gcloch.
Tá scamaill agus spéartha loiscthe imithe go smior ionam
Ach fós ní bláth ach seirfean é ar phréamhacha m’anama.

Tá lúireach na ngadhar péinteálta ag an ngriothal,
Is leasc leo dreancaidí a bhaint dá gcraiceann;
Tá cíocha na mban gan teannas, féitheacha ata go mór,
Is fad’ ó chleamhnas acu é, is gar na bearta crua.

Tá fual ag fiuchadh is éiríonn gal ina cheo,
Ní sheasann an mhiúil an bréantas, deineann sí féin sruthán;
An fiolar maol sna hairde, an áit is fearr dó bheith,
Luach pingine dá mhórgacht is bheinn slán!
Tráthnóna áirithe bheartaíos go hobann fáil réidh leis an saol,
Deireadh a chur leis—nach raibh sé scriosta cheana féin,
Fiú sular rugadh mé? Ní háil liom gothaí eile ’aithris,
Ní mian liom bheith alptha ag taibhsí, ní thuigim conas géilleadh.
Le caora nimhiúla im’ ghlac thugas m’aghaidh ar cheathrú iargúlta:
Leath slí dom chun na háite labhair cadhóit ón gcnoc.
D’fháisceas an upa de gheit, doirteadh an sú. B’éigean dom filleadh ar an mboth,
Sneácha im ghruaig beag beann ar thadhall na buartha.

I gcathair ghríobháin na hoíche chíoras caint na cadhóite:
Ag tagairt do thréas, is do threascairt na moingeanna,
Is dhein sé maitheas éigin di scaoileadh le tocht réabhlóideach.
(Cloisim táinrith na mbuabhall, blaisim deatach im sceadamán,
Chím maighdeana ag cuaillí sáraithe
Is faighim boladh an uile ní mar réamhfhianaise Ifreanda).

Allas tríom go tiubh, is mé báite ionam féinig
Faoi mar a bheadh peyotl im’ chloigeann cráite
Ag tabhairt fúm le bioráin síoda. Fan amach a deirim!
Crithleon a thugas dom féin… stracann na snáitheanna.

Braithim fuacht. Faighim mé féin lomnochta
Is gach uile bhall dem chorp athraithe:
Meall ildaite lúbarnach
Is scríofa air—
Dinnseanchas an fhásaigh:
Conas mar a bhláthaigh sé na céadta ó shin faoi rath.
Béabhair ramhra—b’iad a mheall an stróinséir—
Anglaití, bric, seamair an phlúir bháin.
Dásacht na gcoimhthíoch a d’oibrigh an claochló,
Le camastaíl rugadar an samhradh.

Shocraíos i dtámhnéal
Go mothallóinn na creatlaigh
Go nglaofainn as na huaigheanna iad
Go stracfainn as a dtuamaí iad
Go dtreabhfaimis le chéile clár dóite seo an áir…
Ach ní rabhadar san le tathant ón bhFiach Síoraí.

Fágadh sinn gan salann an geimhreadh a d’imigh tharainn,
Cailleadh ceathrar calma ag lorg brosna san Fhothair Mhór.
Ba dhoiligh an dreach ar leanaí,
Ba shuarach an ch’leachta a dhéanfaidís le bata nó le cnámh.
Seanchailleach ag rámhaillí . . .
Níor labhair na fir ach nuair ba ghá.
Cá’il aoibhneas an gháire a mhaolódh an aicíd?
Im’ chroise? Tá an fhirmimint chlogach ag cur fola le neart trua!

Theip ar an arbhar i mbliana, milleadh gach acra,
Tá cabhair ón Stát geallta, ní fhacamar fós a rian.
Chuaigh scór go dtí Nua-Eabhrac, d’fhanadar sa chathair sin,
Bhí folús géar is briseadh croí ’na ndiaidh.
Anocht tá stoirm ghainimh chugainn, tagtha gan choinne,
An chéad rud a leagadh b’ea an canna stáin:
Scuabadh amach sa doircheacht é daichead míle san uair,
Thóg sé brí mo mhuintire leis is sciob sé críoch an dáin . . .

 

EL CANTO DEL INDIO DESTERRADO

Nos dieron el desierto y pedregales.
Se quedaron sin qué beber nuestros dioses.
Las plumas abandonaron sus colores, ¡están mudos los pájaros!
¿Dónde se fue el sonar de la cascada que oía cada mañana?
(Aquí al final de nuestro viaje, sobre una llanura pelada y anónima,
no nos recordéis ninguna promesa cruel…)
No hay nada que oír.

¡Madre! No vuelvas a lavarte los senos hasta el día del juicio.
Deja bajo las moscas el pozo.
Este territorio está podrido, endurecido todo lo que tiene que ver con él.
(Donde en tiempos tomaba el sol la estirpe del piel roja).

Repartieron barro para enterrar a nuestra gente,
sopla el viento, mi garganta la secan
los huesos de mis antepasados. ¡Algo que beber, por amor de Dios!
Fuerza para exprimir gotas del cactus.

Recibimos ropas nuevas para ocultar nuestra vergüenza,
arrasado está el Templo de nuestra raza, el tótem en las fauces de la escarcha.
El sol desuella, la lluvia clava sus garras,
la nieve incuba en la piel, el hielo nos atormenta.
Madre, mis mocasines de cuero. ¿Adónde se los llevaron?

Hablamos una lengua distinta que nos asfixia
más que el polvo incesante de la tierra devastada.
El sonido de los pies en el baile, demasiado infrecuente y débil,
la vieja melodía melancólica un mero repiqueteo,
el tabaco gratis de los desahuciados mascado pasivamente
(latas viejas que acogen el escupitajo con gratitud).
Deseo arrancárselo de las bocas:
no nos pertenece la tierra; ¡no codiciéis ya sus frutos!
No éramos nosotros quienes esperábamos el crecer de la planta.
El rabo de una rata, las entrañas de un buitre:
aquí tenéis la comida que deben ponernos por delante.

Ruego cada vez que veo el arco iris
que el sol no me calcine,
no ser enterrado vivo,
que los dioses no ignoren
la amarga petición de la tribu exiliada.
Pero mi plegaria la corrompe una jerga extranjera:
mi voz importa un comino; ¡ahora invoco a los malos espíritus!

Mi madre me oyó hablar con una serpiente de cascabel
y lanzó un grito horrorizada.
Pero yo busco cómo ganarme la vida de sol a sol apasionadamente,
formas de sobrevivir no practicadas aquí nunca.
En vez del hacha lanzo el brillante dardo del guerrero,
solo, sin nada en derredor más que la llanura desolada.
La presa que llevo a casa no es para ser comida ni bebida,
y la reparto con abundancia sin que nadie lo sepa.

Nos llegó un claro presagio un día de octubre:
volando sobre las tiendas unos clamorosos gansos salvajes.
Una anciana se dio cuenta de que venían; salió a toda prisa
a anunciar a los sabios: ¡Salid, salid! ¡Rápido!
Y contemplamos, boquiabiertos, aquella hueste que pasaba sobre nosotros.
Eran como una tropa heroica camino de la guerra,
o una partida de caza, o una multitud de ancianos
viniendo por doquier a la asamblea.
Un hombre empezó a manosear su carcaj torpemente.
Me fijé en él de inmediato:
“Pueblo querido, ¿es que no entiendes? Se trata de mensajeros
de los muertos que vienen a nosotros para aliviar nuestro dolor.”
Pero nada ha cambiado. Aún hay penuria,
aún hay odio. Aún se lanzan escupitajos.
Yo aún recojo encantamientos. Ahora entiendo el suave hablar de las piedras.
Hay nubes y cielos encendidos en mi tuétano,
pero aún no florece sino la indignación de mi alma.

Los pellejos de los perros los ha pintado el roquedo,
tienen tanta pereza que no se quitan las pulgas.
Las tetas de las mujeres cuelgan flácidas, están hinchadas las venas,
lejanos ya sus casamientos, tiempos duros se aproximan.

La orina arde, se eleva hecha vapor,
la mula no soporta el hedor, hace su propio arroyo;
el águila calva en las alturas, el lugar al que pertenece,
¡un centavo de su dignidad me salvaría!
Cierta tarde decidí acabar con todo,
poner fin a mi vida: ¿no estaba ya destruida,
antes de yo nacer? No deseaba continuar fingiendo,
ni quería ser devorado por los fantasmas, basta ya de sumisión.
Con bayas envenenadas me dirigí a un rincón apartado;
a mitad de camino, un coyote habló desde un cerro.
Les saqué el jugo, hice el brebaje, se derramó.
Tuve que regresar a la tienda.
La nieve sobre mi cabellera, indiferente a la cercanía de mi pesar.

En el laberinto de la noche, examiné minuciosamente lo que dijo el coyote:
se refería a la traición y a la devastación de las praderas,
y le hizo bien dar rienda suelta a sus lamentos.
(Oigo la estampida de los búfalos, noto el sabor del humo en la garganta,
veo a las vírgenes en los postes de la violación
y el olor de todo es como un adelanto del infierno).

Un sudor denso me atraviesa, en mí mismo me ahogo,
como si el peyote estuviera en mi cráneo agonizante
clavándome alfileres de seda. ¡Fuera, digo!
Me sacuden escalofríos… Estoy completamente desnudo.

Qué frío tengo. Estoy en cueros,
y todas las partes de mi cuerpo transfigurado:
una masa multicolor que se retuerce
sobrescrita
con la topografía del desierto.
Cómo floreció hace siglos y prosperó.
Castores bien gordos … fueron ellos los que engatusaron al extranjero.
Pejesapos, truchas, el trébol de flor blanca.
La audacia del forastero operó la transformación.
Con ardides fue arrebatado el verano.

Me quedé traspuesto y resolví
despertar a los esqueletos,
reclamarlos de sus tumbas
y arrastrarlos desde sus sepulturas
para arar juntos esta llanura quemada de la matanza…
Pero no pude persuadirlos a abandonar la Caza Eterna.

Nos dejaron sin sal este invierno pasado,
cuatro bravos perecieron buscando leña en el Gran Despeñadero.
Se afligió el rostro de los niños,
poco jugaron con palos o con huesos.
Una vieja deliró…
Los hombres no hablaban si no era necesario.
¿Dónde está la alegría de la risa que aplaque esta plaga?
¿En mi corazón? El firmamento cubierto de ampollas
sangra con una lástima enorme.

El cereal se dio mal este año, destruido hasta el último acre,
nos prometieron ayuda del Estado, pero aún no hemos visto ni señal de ella.
Veinte fueron a Nueva York y se quedaron en aquella ciudad.
Dejaron atrás un amargo vacío y corazones rotos.
Hoy ha llegado sin avisar una tormenta de arena,
lo primero que desapareció fue la lata:
fue barrida en la oscuridad a cuarenta millas por hora,
y se llevó el vigor de mi pueblo y arrancó el final del poema…

(Traducido de Antonio Rivero Taravillo)

Solicitamos su permiso para obtener datos estadísticos de su navegación en esta web, en cumplimiento del Real Decreto-ley 13/2012. Si continúa navegando consideramos que acepta el uso de cookies. OK